Mar thoradh ar na caidrimh a cruthaíodh leis an tionscadal seo, i mí na Bealtaine 2019, bhí muid in ann tús a chur le scéim úr scoláireachtaí a thug an deis do dhaltaí meánscoile freastal ar chúrsaí Gaeltachta i rith an tSamhraidh.
Ainmníodh an scéim úr seo i gcuimhne ar Mháirtín Ó Gacháin; b’iar-mhúinteoir taistil agus iar-bhall de Chonradh na Gaeilge ag tús na haoise seo caite. Bhí suim nach beag aige sa teanga, agus chaith sé tréimhse mhaith dá shaol ag teagasc na Gaeilge fud fad na tíre.
Cuireadh tús leis an scéim i nGael Ionad Mhic Goill ar Bhóthar na Carraige Báine i mBéal Feirste. Ag an ócáid, bhronn Monica Patton, iníon le Máirtín, agus a fear céile, Bill, airgead ar chúigear dalta scoile le go mbeadh an deis acu samhradh a chaitheamh i nGaeltacht Dhún na nGall. Thaisteal Monica agus Bill ó Shasana le bheith linn ag an ócáid, agus gabhaimid buíochas leo arís as a bhflaithiúlacht.