Spléachadh ar an stair
Cuirimid fáilte mhór romhat súil a chaitheamh ar na hagallaimh a rinne muid le baill an Chonartha ó cheann ceann an Chúige. Le linn na n-agallamh, tchífidh tú na cuimhní cinn atá ag na hagallaithe ar Chonradh na Gaeilge agus ar Chomhaltas Uladh ina gceantair dhúchais. Tá sé tábhachtach go gcaomhnaítear an stair seo, agus go gcluintear faoi ó dhaoine a bhfuil taithí acu leis. Mholfaimid go láidir féachaint ar na hagallaimh agus píosa beag a fhoghlaim faoin stair i do chontae féin. Gabhaimid buíochas leis na hagallaithe ar fad arís as ucht dul faoi agallamh linn.
Dr. Niall Comer
Is Uachtarán reatha Chonradh na Gaeilge é an Dr. Niall Comer agus oibríonn sé mar léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Uladh. Rugadh agus tógadh i gContae an Dúin é, ach tá cónaí air anois i gContae Dhoire. Tugann Niall léargas ar a thaithí leis an Ghaeilge agus é ag fás aníos i gContae an Dúin, na rudaí agus na daoine a spreag é i dtreo na Gaeilge agus an tionchar a d’imir Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Uladh ar a shaol.
Sinéad Ní Mhearnóg
Is ball í Sinéad Ní Mhearnóg de Phobal Ar A’n Iúl, craobh de Chonradh na Gaeilge a bunaíodh ar an Ómaigh sa bhliain 2014. Tá sé mar aidhm ag Pobal Ar A’n Iúl an Ghaeilge ‘a spreagadh, a chur chun cinn agus a éascú i gceantar na hÓmaí.’ San agallamh seo, déanann Sinéad cur síos ar stair na Gaeilge sa cheantar, mar aon lena barúil i dtaobh thábhacht tionscadail den chinéal seo.
Dermot Hughes
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Dermot agus tá a nasc leis an tionscadal seo beagainín éagsúil; is nia é le Bertha Geddis, Preispitéireach cráifeach a d’fhreastail ar ranganna Gaeilge go rúnda ar Bhóthar na bhFál. Ba bhall í Bertha de Chraobh Ard Mhic Nasca de Chonradh na Gaeilge, agus tá na miontuairiscí ar taispeáint i gcartlann Chontae an Dúin. Is scéal ar leith é scéal Bertha, agus b’fhiú go mór éisteach le cuntas Dermot.
Pádraig Ó Cuinneagáin
Is múinteoir bunscoile é Pádraig Ó Cuinneagáin agus tá sé mar bhall de chraobh Ghlór Bhréifne de Chonradh na Gaeilge i gContae an Chabháin. Déanann Pádraig cur síos ar a thaithí féin leis an teanga, na himeachtaí éagsúla a chuireann Glór Bhréifne ar fáil don phobal, mar aon lena bharúil ar an tionscadal seo.
Seoirse Ó Dubhthaigh
Is ball é Seoirse Ó Dubhthaigh de chraobh Chluain Ard de Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste. Ba thimire é a sheanathair Aodh Ó Dubhthaigh do Chúige Uladh ag tús na haoise seo caite. B’as Dún na nGall ó dhúchas iad clann Uí Dhubhthaigh, agus bhí ról lárnach acu i mbunú Choláiste Uladh i nGort an Choirce. Tugann sé léargas ar shaol an teaghlaigh le linn an agallaimh seo.
Pronnsias Ó Rathaille
Ba bhall de chraobh Inis Ceathlainn de Chonradh na Gaeilge é Pronnsias Ó Rathaille ag deireadh na 1960í/tús na 1970í. San agallamh seo, míníonn Pronnsias na daoine a raibh ról lárnach acu i mbunú na craoibhe, na deacrachtaí a bhí le sárú ag an chraobh, agus na himeachtaí éagsúla a chur siad ar siúl.
An tOllamh Nollaig Mac Congáil
Is ollamh é an tOllamh Nollaig Mac Congáil (B.A., Ph.D.) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó 1974 i leith. Is as Doire ó dhúchas dó, agus tugann sé léargas san agallamh seo ar luath-laethanta Chonradh na Gaeilge, mar aon leis an ról a d’imir na nuachtáin Bhéarla i mbolscaireacht na Gaeilge ag tús ré an Chonartha.
Dominic Ó Brolcháin
Is ball de chraobh Sheosaimh Uí Bhrolcháin de Chonradh na Gaeilge é Dominic agus tá sé fosta i gceannas ar an ghrúpa Gaeilge ‘Míle Fáilte.’ Tógadh Dominic ar an tSruthán i gContae Ard Mhacha agus san agallamh seo, tugann sé léargas ar an dóigh ar chuir sé suim sa Ghaeilge, na laethanta a chaith sé sa Ghaeltacht, mar aon leis na daoine a spreag é i dtreo na Gaeilge.
Séamus Mac Giolla Phádraig
Is ball den Chraobh Rua de Chonradh na Gaeilge é Séamus Mac Giolla Phádraig agus tá sé mar iar-rúnaí ar Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge. Is as Cabhán an Chaorthainn do Shéamus, agus san agallamh seo, déanann sé cur síos ar na dualgais a bhí aige, mar rúnaí ar Chomhaltas Uladh, na deacrachtaí a bhí ag an eagraíocht, mar aon lena thaithí féin leis an Ghaeilge.
Monica Uí Ghacháin
Is iníon í Monica le Máirtín Ó Gacháin, iar-mhúinteroir taistil Chúige Uladh, a d’oibrigh go díograiseach thar cheann an Chonartha ag tús an chéid seo caite. Tá cónaí ar Monica i Sasana, agus le linn an agallaimh seo, tugann sí giota de léargas ar an obair a rinne a athair ar son na heagraíochta, mar son leis na cuimhní atá aici air. Tá muid fíor-bhuíoch as an tacaíocht leanúnach a thug Monica agus a fear céile, Bill, le linn an tionscadail.
Pádraig Mac an tSaoir
Is as an Chreagán i gContae Aontroma do Phádraig Mac an tSaoir, agus tá sé mar oifigeach Gaeilge ag an Chumann Lúthchleas Gael áitiúil, Ciceam Chreagáin. Bhí Pádraig mar rúnaí ar an chraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge ar an Chreagán, agus labhraíonn sé linn faoin dóigh ar chuir sé suim sa teanga, mar aon lena bharúlacha i leith Chonradh na Gaeilge sa cheantar.
Séamus & Seán Mac Seáin
Is as Iarthar Bhéal Feirste do Shéamus agus Seán Mac Seáin. Bhí ról nach beag acu beirt i mbunú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe (1969) agus Bunscoil Phobal Feirste (1971). D’fhoghlaim an bheirt acu a gcuid Gaeilge i gCumann Chluain Ard, agus ó shin, chaith siad a saolta trí Ghaeilge. San agallamh seo, tugann siad léargas ar a saolta agus iad ag fás aníos, mar aon leis an tábhacht a bhain le comhoibriú pobail agus iad ag bunú na Gaeltachta uirbeacha.
Pádraig Ó Baoighill
Is as ceantar Rann na Feirste ó dhúchas don údar, staraí agus gearrscéalaí Pádraig Ó Baoighill, ach tá taithí fada ar chúrsaí Gaeilge i gcontae Mhuineacháin. Ghlac Pádraig spreagadh ó scríbhneoirí áitiúla ar nós Séamus agus Seosamh Mac Grianna, agus chaith sé a shaol ag cur na Gaeilge chun cinn. Is ball fadtéarmach é Pádraig de Chomhaltas Uladh, agus san agallamh seo, tugann sé léargas ar chúrsaí Gaeilge ina cheantar dúchais agus i gcontae Muineacháin i gcaitheamh na mblianta.